Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí sprid mná ann. Sé an ainm a bhí uirthí na sprid na Béarna. bhí sí ina comhnuidhe i mBéarna. Nuair a chonaic na daoine an bhean sin bhí eagla ortha, mar marbuigheadh sí gach leanbh.
Aon oidhche amháin bhí fear ag dul go dtí an baile Mór. Bhí capall agus carr aige. Do chonnaic sé an sprid ar an mbóthar. "Cá bhfuil tú ag dul" arsan sprid. "Táim ag dul go dtí an bhaile Mór" arsan an fear. "An bhfuil chead agam dul inairde ar an gcárr" ar sise. "Tá", ar seiseann. Nuair a bhí sí inairde, bhuail an fear an capall mar ní raibh sé ag sodar go tapaid toisg go raibh an bean ró throm.
Do thit an capall ar an mbóthar agus do bhí sé marbh. Sé an pionós a cuir sagairt uirthí ach gach aon braon uisce do taoscadh as an bfarraige le méireachán gan tón. Dheirtear go bhfuil an obair sin ar suibal aice fós.- Bailitheoir
- Cáit De Barra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún gConmhaoile Uachtarach, Co. Luimnigh