School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deineann na feirmeoirí an talamh do briseadh cun na síolta do chur. Sa slíghe seo a deintear é. Treabhann siad an talamh le dhá chapall agus céachta agus fuirseann siad é leis an dá chapall céadhna agus bráca.
Cuireann na daoine coirce, prátaí, tuirnipí, an cabáiste, cruithneacht agus barraí eile san Earraich. Ní chuireann siad na barraí ceadhna gach blian. Cuirtear na prátaí in áit céadhna imblian ina raibh cruthneacht nó barra eile na raibh aoileach a gabháilt leis curtha an blianroimhe. Cuireann siad prátaí indriollaí.
Ar dtúis oscalann siad na driollaí agus cuirtear aoileach amach. An Fhaid is a bhíonn san a dheanamh ag an bhfear. Bíonn a bhean ag gearradh na sgiolláin. Nuair a bíonn na sgiolláin curtha cuirtear aoileach ortha agus dúntar na driollaí. Tar-éis tamaill phioctar na fiaghailí agus cuirtear ath cré suas.
Deirtear go mbíonn rath ar an síola cuirtear ar Aoine an Céasta. Deirtear comh maith nác mbíonn rath ar an síol a curthar lá fluich. Tá sean-fochal ann, An té na cuireann san Earrach ní bhaineannsé san bfhomhar.- Collector
- Miceal Ó Muirthuile
- Gender
- Male