School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sprid i mBéarna fadó agus bí sí ana chrosta. Chuir sí eagla ar na daoine go léir do bhí ina gconnuidhe san áit sin. Tharla go raibh fear ag dul ó Mainistear na Féile go dtí Caisleán Nuadh Thiar oidhche. Do stad sé í seíbín dTeampall Gleanntáin. Bhí sé déidearnach san oidhche annsan nuair do bhí sé ag déanamh ar Caisleán Nuadh. Nuair do bhí sé ag dul thar an áit ar a tugtar Gleann Mór do bhuail sprid na Béarna leis.
D'éirigheadar cun a céile. Thosnuigeadhar ag buaileadh a céile. Bhíodar a deánamh sin go dtí gur glaodhaidh an coileach. Annsan d'imigh an sprid agus nuair do bhí sí ag imeacht do gearr an fear píosa an gúna an sprid le speil a bhí aige. Ní raibh sé ar a Chumas faobhar do chur an an speil céadna aon uair eile ina dhiadh sin. Sé an ainm do bhí air ná Micilín an Bhuanaidhe. D'innis m'athair an sgéal seo dom.- Collector
- Máire Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Address
- Rooskagh West, Co. Limerick