Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gaduidhe i gceanntar Bhaile Mhúirne le línn Naomh Gobnatan agus sé seo an leas ainm a bhí air. Tá dealbh cínn duine ós cionn na fuinneóige sa phinniúir thoir ar an dtaobh istigh sa roilig agus deirtear gur b'é an gaduidhe dubh é. Bíonn sé clúdaithe ag eidhneán furmhór na h-aimsire. Ach pé sgeal é innistear alán sgéalta mar gheall air i mBaile Mhúirne agus do réir gach sgealuidhe níor bh'aon teangbhálaidhe fóghanta é. Deirtear gur ghoid sé capall ón naomh tráth agus i dtosach na h-oidhche do b'eadh é. Cheap sé an oiread slíghe agus go béidir leis do chur idir é agus Gobnait sar a dtiocfadh an mhaidean agus chomáin sé leis ar stealladh ba chuma leis canad an fhaid abheadh sé ag druideamhaint ó'n áit. Nuair a gheal an lá air thug sé fé ndearra go raibh sé le h-ais na roilige san áit céadhna go raibh sé i dtosach na hoidhche. Is amhlaidh a thug sé an oidhche go léir ar cos anáirde tímcheall na cille agus bhí an capall báidhte ag allus. Níor bhfhéidir bob do bhualadh ar an naomh.
    Fear ana dhána do b'eadh é leis adeirtear agus ba dheacair eagla do chur air agus nuair a bheadh beartuithe aige rud a dhéanamh níor bhfhuiriste é chosc. Bhí sé amuich oidhche ag goid nuair do labhair guth le n-ais agus dubhairt "Íocfaidh, Íocfaidh." Do stop an gaduidhe dubh. "Cé íocfaidh" ar seisean. "Do chlann nú clann do cloinne"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge