Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Alán bliadhanta ó shoin do bhí duine uasal 'na chómhnuidhe in áit éigin ins an mbaile seo. Protastúnach do b'eadh é. Feirmeóir mor do b'eadh é agus bhí alán ba aige. Bhí aodhaire aige i gcómhnuidhe chun aire thabhairt do's na ba, agus bhí Dómhnall Mor mar leas ainm air. Bhí aon bhó amháin ann agus bhí sí ana bhradach agus bhíodh sí ag deanamh a díchill i gcómhnuidhe ar dul isteach sa ghort. Fuair an duine uasal féin bás annsan i Mí na Lughnasa. Do chodhluigheadh an aodhaire i dtigín bheag a bhí ins an macha. Do bhí an duine uasal curtha trí seachtmhaine nú mar sin an uair seo agus chuir Dómhnall Mor na ba isteach i bpáirc a bhí le h-ais an ghuirt aon oidhche amháin. Amach i lár na h-oidhche ceadhna do glaodhadh air. "A Dhómhnall Mor eirigh agus cuir an bhó amach as an ngort" adubhairt an guth. Tháinig eagla ar Dómhnall Mor agus níor eirigh sé. Do glaodhadh air. An tarna h-uair ach níor eirigh sé. Do glaodhadh air an tarna h-uair ach níor eirigh sé agus do glaodh air an trímhadh h-uair: "A Dhómhnaill Mhóir eirigh agus cuir an bhó amach as an ngort nú beidh sé ithte aici." Do phreab sé amach as an leabaidh annsan agus chuaidh sé síos go dtían gort agus fuair sé an bhó bhradach istigh ann ceart go leór. Ní fheaca sé eoinne ach bhí dhios aige gurab é a mháighistir a ghlaodhaigh air agus é marbh trí seachtmhaine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Corcora
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ard na Croise, Co. Chorcaí