Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 194
- XML “Diarmuideach Séamuis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File ana mhaith do réir na sean daoine i mBaile Mhúirne do b'eadh Diarmuideach Seamuis. Nuair a bhí sé na leanbh deirtear gur tugadh fé ndearra i nDeisbalaighe agus a bhí sé. Do cailleadh scian lá nuair a bhí an file ana óg agus bhí a mháthair cráidhte agus dubhairt sí leó le canncar: "Mar b'fada libh a bhí sí agaibh." Cuadhthas ag cuardach na sceine agus do tharla gur b'é an file do fuair í. Thug sé chun a mháthar í agus dubhairt:- "Seo díbh anois í agus má's fada libh í bainidh smut di". Ní raibh sé ach beagán bliadhanta an uair sin ach deirtear gur b'shin an cead focal a tugadh fé ndearra.
Bhí Diarmuideach Seamuis lá ag ithe a dhinnéir i dtigh. Bhí Siobhán, bean a' tíghe, agus do pósadh an-óg í. Bhí sí ag cuardach árthaigh bhun an chabáiste do thógaint amach agus bhí ag teip uirthe an árthach d'fhághail. Bhían file ag an mbórd agus é ag ithe prátaí agus ag brath san am gceadhna is dócha go mbeadh an cabáiste agus pé rud eile a lean é cuige aon neómat. Ach ní rabhadar ag teacht agus níor fheuch an sceul go dtiocfaidís go dtí níor bhfios cathain. Dubhairt Diarmuideach Seamuids annsan:-
B'uchlán túSiobhán a glacadh go h-óg
An bod bán im dheas-láimh agus mé á ghearradh le scóp
Agus tá an cupán agus a sliogán ar marthall fós.- Bailitheoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí