Scoil: Gurrán Easaigh (uimhir rolla 12053)
- Suíomh:
- Garrán an Easaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrán Easaigh
- XML Leathanach 012
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ór ibfolach ins na liosanna agus ins na páirceanna agus tá airgead leis. Do chuir na daoine aosta é ibhfolac idtreó is ná toghfadh na saigdiúirí é. IgCionn t-Sáile ta áit ann agus is é an ainm atá air ná an "Caisleán Bán". Tá trí ualaí capaill d-ór curtha fé an caisleán sin. Tá rud éigin cosúil le tarbh ib feidhil an óir sin. Do chuaidh trí fir fadó cun é d'fhágail Do tháinig síad go dtí coiscéim mhór, agus nuair a tháinig síad ingiorracht dó tháinig an tarbh. Bhí sé cun íad do cur as agus fuar síad uisce naomhtha, punann cadhrán, agus coinnaál naomhtha agus chuaidh síad tímcheall na coiscéime. Do thóg síad próca óir agus nuair a bhí síad cun na cinn eile do thógaint do connaic síad tigh in ar comhnuig Cromaill, "The assassin Mór". Do bhí tuirse ar na fir ón obair chruaidh agus glaodh duine ón tigh sin íad cun té. Nuair a chuaidh síad go dtí an tigh ní raibh aoinne ann; ná aon té ullamh Nuair a tainig síad thar n-ais ní raibh tásc na tuairisc ar an próca óir. Do dhein an tarbh maghadh fé's na fir mar níorbh fhéidir leo an áit ina raibh síad ag obair d'fhágail arís. Níorbh fhéidir leis an tarbh dul in aice an uisce naomhtha ná an coinneal. Dúnadh é go léir annsan.
- Bailitheoir
- T. Calnáin