School: Gurrán Easaigh (roll number 12053)
- Location:
- Garrán an Easaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrán Easaigh
- XML Page 022
- XML “Bóithre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá bóthar anois thar an sruthán atá ag rith isteach go tráigh Gleann an Mireán ach sar a dheineadh é, bhí clár deánta as aiteann a caitheadh ar an bportach agus bhí clár treasna an srúthán agus do raghadh na fir is na capaill thart.
Bóthar na Scuabad. Tá an bóthar sin ana árd agus níl aon fothainn aige ó aon gaoth agus scuabann an ghaoth é.
Crois na gCorp. Ní raibh aon gluaisteán cun na daoine marbha do thabhairt go dtí an seipeal. Is ar a guilne a thógadh síadan cómhra agus bíodh síad tuirseach do bheith ag siubhal agus do leogfaidis síos é ann.
An "Church Hill" Tá sé sin ann le fada go dtí go raibh an teampall Protastúnach curtha ar bun.An "Post Road" agus tá sé sin ann go dtí go raibh Oifig an Phuist curtha ar bun. Tá dá bóthar eile ag leanmhaint as. An "New Line", agus tá bóthar eile ag leanmhaint as. Ceann ag dul go dtí an traígh. An "Broken Road". Ní féidir leis na capall agus cárt do siubhal ar mar tuitfheadh an capall.
An "Key Road" Tá sé sin ann le nócha h-ocht de blianna.