Scoil: Achadh Eóchaille, Inis Céin (uimhir rolla 10243)

Suíomh:
Achadh Eochaille Beag, Co. Chorcaí
Múinteoir:
C. Ó Ríordáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0312, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0312, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Eóchaille, Inis Céin
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Mo Bhó-ín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. O Mhuise, croidhe mo bró-ín, ó mhuise croidhe mo stóirín,
    Croidhe mo bhó-ín gleoidhte féin.
    Mar gheobhad-sa leat go dtír fairsinge,
    Mar gheobhadh-sa duit-se fairsinge.
    Féar breágh taithneamhnach
    Nó uisge bun carraige,
    Feuchaint ciachu is mó a thaithnfeadh leat,
    Do thabharfadh chun bainne thú,
    Le cabhair an eadarthrath',
    Croidhe mo charadach
    Do chroidhe-sé féinig
    Croidhe mo bhó-ín, croidhe mo stóirín
    croidhe mo bhó-ín gleoidhte féin.
    Mar is ím í féin ar neoin,
    Is bainne í le n-ól,
    Is solas geal ar bórd
    Is leathar í chun bróg
    Is seineann a h-adharca ceol.
    Agus croidhe mó bhó-ín, croidhe mo stórín,
    Croidhe mo bhó-ín gleoidhte féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mr Warren
    Seoladh
    Achadh Caorach, Co. Chorcaí