Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 200
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir ann uair amháin agus tháinig an bás chuige lá agus dubhairt leis ná raibh na raibh ach bliadhan eile gearrtha amach do agus d'imtig sé an bhóthar arís.
Thuit an lug ar an lag ag an bhfeirmeóir agus cheap sé gur mhaith an rud biadh do sholáthar do féin i gcoir na bliana.
Dimthig sé agus socruigh sé cliathán cnuic chun garraidhe do chur ann, agus níor chuir de chliadhe timcheall air ach scailpeanna go raibh rathineach ag fás ortha agus gan puinn aca ann leis.
D'fás an garraidhe agus d'fhás an rathineach agus bhí iongnadh mór ar na chómharsanaibh go léir cad na thaobh gur claidhe mar sin gan mhaith do chuir an feirimeóir timcheall a' garraidhe agus d'iarr duine acu air cad na thaobh gur chuir se claide mar sin Yerra a mhic ars an feirmeóir deanfaidh an rathineach an gnoth go maith. Tá foithin a dhóithin ag an garraidhe mar atá sé agus nuair ná fuil ach an blian seo agam le maireachtain nach cuma liom cad do deanfaidh an saoghal im dhiaidh- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí