Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá amháin tug bean marcaraol do file...”
Lá amháin [?] bean marcaraol do file. An lá sín ní raibh aige i gcoir a dhinnéir ach prátaí agus salann. Bhí an bhean ag gabháil thart agus bhuail sí isteach. Thug sí an t-iasg úr do agus mar seo do gaibh sé buidheachas dí"A Mháire Bhán mhín, ba bhinne guth cinn
Ó Droicead na Sín go [?]
An fhaid a mhairfead sa tír bead leat ag guidhe
Agus go bhfeicfir i gcrích do chuallacht;
Thug an marcaraol méith, le nithe dom féin,
Agus is blasta gheobhair uaim dualgas,
Agus nuair a thiocfaidh an bhéith d'imtig iné
Gheobhair pingin chruaidh chradrach uaim-séDo bhí lánamha nuadh phósta ann uair agus do bhídis gach aon lá ag troid agus ag argóint. Do bhí an bhean caoch agus do bhíodh an fear á chasadh léi a's 'á shóir-rádh dá mbeadh fhios aige féin é sin ná pósfadh sé í. Bhí an scéul mar sin ar feadh tamaill agus gan aon fuaimhneas ag dul ar an saoghal acu. Aon lá amháin dubhairt an bhean leis:-
"Ní mise a bhí caoch ach tusa bhí caoch
Agus mise bhí caoch a phósadh
Ó'n lá sin amach bhí siothcháin eatorra mar thuig sé go raibh an ceart aici- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muirthuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Pháidín, Co. Chorcaí