Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Anois arsa fear innste an scéil is dócha gur greannmhar leat an sceul seo agus na creideann tú mé acht is féidir leat firinne an scéil do dheimhniú sa tsligh seo. Nuair a raghaidh tú siar abhaile teighir ag triall ar an dtig sin agus fiafhruigh de mhnaoi an tighe cad iad na focail adubhairt sí ar maidin nuair fuair sí a gé marbh. Ní gádh dhuit mo sceul do chreidiúnt marab iad so na focail. "A Dhia mhóir láidir cad a mairbh mo chráintín treis na hoidhthe ar gor ar na huibhibh agus gur gearr go mbeadh na góislíní amach aici."
    Tháinig Seamas Ua hEithearn abhaile i ndeire an tseasúir, chuaidh sé ag triall ar an mhnaoi agus fuair sé amach gur fior an sceul.
    "D'innseadh an sceul san domhsa nuair a bhíos ag baint prátaí ann blianta ó shoin. Seumas Ó Cróinín, ó Ladhar na Gaoithe i mBeal atha an Ghaorthaidh, bin fear an tighe go raibh an suipéar acu a innis an sceul dom. Bé Donnchadh Ó Buachalla ó Bhaile an Mhistéalaig an fear a bhiodh in éinfheacht leis na daoine maithe."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí