School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit nar cuirteadh daoine fadó i gClais na Cille i gcuid talmhan Dhómhnaill Ó Shúileabhain. Paiste de thalamh árd is eadh é agus tá clocha móra ann chun na uaigeanna do mhárcáil. Níor deineadh aon obair ann agus tá na clocha le feiscint fós. Tá ionad curtha eile i Milín na n-Imiris ar an dhtaobhh thuaidh dár bport féin ar an d-taobh eile den bhóthar agus do bhí a lán clocha ann.
Fadó nuair do bhí an pháirc a rómhar ag an Tíghearna Tailimh. Na fir do bhí ag obair ag an Tígearna Tailimh ní théigheadh siad ró fhada isteach i dtreo na gcloch. Annsan do tháinig an Tíghearna Tailimh féin agus do chaith sé seachtmhain á rómhar ina aonar agus d'ádruig sé an cuid is mó den na clocha agus do leathanaigh sé amach é agus na clocha nárbh fhéidir leis d'árdú tá siad ann fós. Tá páircín eile in aice Crois a Mhantí ara nglaodtar Cúilin na Leanbh air agus deirtear gur cuireadh leanbhaí ann.- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female