Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shamhna agus do ghabh sé an bóthar gan stop gan stad go dtí 'sa deireadh gur bhain sé teach an Chonnachtaigh amach
Bhí inghean an Chonnachtaigh go díreach in a suidhe nuair shroich an t-Ultach an teach.
"Bail ó dia isteach annseo"ar seisean
"Go mba hamhlaidh dhuit" ar sise.
"Cá bhfuil t'athair?" ar seisean
"Tá sé thiar 'sa seomra in a chodladh" ar sise
"Abair leis go bhfuil fear annseo ar mhaith leis beagán cainnte a bheith aige leis" ar seisean
Chuaidh sí siar agus d'innis dá hathair i dtaobh an fhir
"Gabh síos agus fufruigh dhe cé dhár dhíobh é" ar san tathair. Chuaidh sí síos agus chuir an cheist air agus 'sé an freagra a fuair sí uaidh
"Bláth bán na Bealtaine atá mar ainm orm-sa"
D'innis an inghean dá hathair ainm an fhir
"Abair leis ar san tathair
"Gurab é tús na díleann, nó deireadh an domhain bláth bán na Bealtaine, a bheith teacht thart fá Shamhain"
Níor dhubhairt an tUltach húth na háth,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Reachtaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Knockalegan West, Co. Ros Comáin