Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castleplunkett
- XML Leathanach 103
- XML “Na Brídeoga”
- XML “Buaidh na Buaraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aca caillte. Leath-chéad bhliadhain ó shoin seo i an chainnt nó an rann a bhíodh aca ghá rádh ag doras gach tighe.
" Éirigh suas, a bhean a'tigheAgus nár chrádhaighidh Dia do chroidheSín uait do láimh dheis nó do láimh chlí ?Acht ná sín uaith follamh í "
Annsin nuair a thugadh an bhean féirín eicínt dhóibh adeiridis ag imtheacht dhóibh
" Bó doirthe, Bó Beirthe agus Bó fá dháirgo rabh agat bliadhain ó indiu "
ó Sheán Ó Reachtaire. - "Bhí bó breac againn nuair a bhí mé óg, agus togha bó a b'eadh í, acht bhí an diabhal uirthi ar bhealach eile. Bhí sí chomh fiadháin, mí-fhoighideach sin gur cuireadh - muid buarach uirthi le linn a blithte. Tráthnóna amháin bhí mo mháthair ghá bligeadh agus bhí mise ag coingbheáil an ghamhna amach uaithi nuair a tháinig sean - bhean aniar an bóthar chugainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S.S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Luachra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe