Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fad ó ann agus ní raibh aon tslighe bheatha aige acht a gabháil sgadán amuigh ar an bhfarraige agus dá dtabhairt isteach chuig an mbaile beag agus dá ndíol ann. Bhí sé aon lá amháin amuigh ar an bhfairrghe agus tháinic an mhaighdean mhara chuige agus d'iarr sí a mhac air le pósadh.
"Is deacair dom sin a dhéanamg" ar seisean
"rud a thabhairt duit nach bhfuil agam"
"Ní bheidh sin i bhfad le rádh agat" ar sise
"Seo sgadán dhuit agus tabhair do do mhnaoi anocht é le n-ithe agus igceann naoi míosa beidh mac óg aici, agus i naois a bhliadhain 's fiche bhus? (is) liomsa é. Bhí go maith agus ní raibh go dona. Rinne an fear amhlaidh ahus thla chuile shórt mar adubhairt an mhaighdean mhara. D'fhás an mac suas cosamhail le haon stócach eile eile 'sa gcomharsanacht. Bhí a thréithre agus a bhéasach ar nós gach uile ógánaigh 'sa gceanntar. Nuair a bhí an tam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S.S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Reachtaire
- Seoladh
- Knockalegan West, Co. Ros Comáin