Scoil: Threemilehouse (uimhir rolla 342)
- Suíomh:
- Teach na dTrí Mhíle, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: I. Mc Eneaney
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an-chuimse pisreógaí ag na daoine sa tír seo fadó - agus cé gur deacair é do creideamháin deirtear go gcreideann cuid de ba daoine ins na pisreógaí seo fós féin. Seo cuid de na daoine ins na pisreógaí seo fós féin. Seo cuid de na pisreógaí atá ag na daoine i gConndae Mhuineacháin, ag breithe nó nuair a bhíon naoidhneán ag teacht ar an saoghal.
1/ Má bhíonn caipín sonais ar naoidneán ag teacht ar an saoghal dó, deirtear go bhfágar oighreacht mhór aige.
2/ Má bheirtear naoidhneán i rith na h-oidhche deirtear nach mbeidh sé faitheach istoidhche, nó nach bhfeicfidh sé taidhbhsí.
3/ Deirtear gur adhmharach an rud é min choirce a chur i n-éadaigh naoidhneán mair a bhítear dá mbáisteadh.
4/ Muna gcaoineann leanbh nuair a sgealltar an t-uisge air le linn a bháistidh, deirtear go bhfuil saoghal gearr i ndán dó.