Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 613
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhí miúil ins an "mbaile Dhubh " agus ba mhór an gaduidhe í. Oidhche bhreágh Samhraidh d'fhág an mhiúil an pháirc in a raibh sí agus tháinig sí go "Bóthar Buidhe" agus d'oscail sí doras tighe bhainne a bhí ann. Do bhí tubán uachtair sa tig agus do thosnuig an mhiúil ag ól an úachtair nó go raibh an tubán follamh aici. Annsan d'fhág sí an tig agus chuaidh sí isteach san iothlain ag ithe féir agus rudaí eile. Nuair d'éirig muinntir an tíghe ar maidin do chonnacadar an doras oscailte, an t-úachtar go léir ólta, agus an gaduidhe imthighthe. Chualadar fothram san iothlain agus chuadar amach. Do bhí an mhiúil in a luighe san iothlain agus a bolg chómh lán san ná féadfadh sí éirighe. Annsan do ghlaodar ar na cómharsain chun na madraí do chur i dhiaidh na múlach. Timcheall barra "Aoirde an Dairín" do thosnuig sí ag caitheamh ime siar uaithi 'na cnapáin mhóra, nó gur shrois sí "Bóthar na Féithe"agus is annsan a chaith sí deire uaithe.
Fuaireas an sgéal sin ó'm Mháthair atá in a comhnuidhe I dTír Uachtrach agus tá sí 35 bl. d'aois. Fuair sí a sgéal on a h-athair atá marbh.
Tá "Bóthar Buidhe" i bparóiste "Clocháin" agus tá an "Dairín" agus "Bóthar na Féithe" ar an dteórain i bparóiste an Bhaile Dhuibh.- Bailitheoir
- Pádruig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tír Uachtarach, Co. Chiarraí