Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do gheóbhfá cistí oir i neónta agus i míanacha. Deirtear go bhfuil ceann aca shíar i Rath - an Fháin san Duibhneach i Paróiste an Fheiritéirig. Do théigheadh daoine a tríall ar an ór ach ní dheanfaidís an bheart, agus chaithfidís teacht aníos arís. Chuaidh buachaill amháín a tríall air agus bhí sé ana ghlic agus fuair sé píosa cailce agus chuaidh sé síos sa neóin. Bí mórán dóirse ag dul síos chuige agus bhí sé ana dhoracha agus chuir sé marc ar gach aon doras chun go bhféadfadh sé teacht aníos arís. Chuaidh sé isteach i seomra agus bhí bhairrle de ór ann agus chat mór a bhí fe draoídheacht, agus cú, 'na bhfeighil. Do chuaidh an buachaill anaice an bhairrle chun an cludach a bhaint de, agus an t-ór do ghábhailt. Do léim an chat fé an scórnaig agus do thacht sé é geall leis. Ach deirimse leat gur tháinig sé aníos níos tapamhla na chuaidh sé síos. Tá sé ann fós agus ní fheadfadh aenne é ghábhailt. B'iad na Danair a chuir ann é fadó.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Muirchearthaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás O Muirchearthaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí