Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 605

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 605

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 605
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i mBhaile Uí Dhuibhne fadó fadó, darb ainm Ó Bhríc. Toaiseach páganach abeadh é. Bé an céad toaiseach ar Bhaile Uí Dhuibhne é. Do mahir sé i gceann do's na tighe cruicéogacha a bhíodh ann san an san, i bpáirc don mbhaile go ngláodhthar "Fíonn na gCaor" indie air.
    Bhí seirbhíseach ag an bfear san darb ainm do "Bhuidhthín," agus bhí sé ana cheanamhail air. Bhí tarbh ag an taoiseach leis agus bhí ana mheas aige air. Maiden amháin san t-Samhradh chúaidh an seirbhíseach isteach go dtí an tig agus dúbhairt sé lies an taoiseach go raibh an tarbh imighthe. Do chuardúigheadar gach áit sa bhaile ach ní bhfuaireadar tásc na tuairic an tairbh. Do mheagaidh sé n'aigne gur ghoid "Buidhthín", an tarbh, agus dúbhairt sé go gcrochfhadh sé é, lasmuigh don doras.
    Ní túisce a bhí "Buidhthín" marbh aige ná tháinig an tarbh ag rith an phairc anois is amhlaidh do chuaidh sé amú imeasc na mbó go léir go dtí "Coill Fatha," agus tháinig sé arís tráthnóna. Bhí ana bhrón ar an dtaoiseach a seirbhíseach dhílis do chaileamhaint agus chun é do choiméad in aigne ghlaodhaig sé "Gort Buidhthín" ar an bpáirc 'nár chrochadh é, agus an ainim sin air o shoin.
    Do dhíol sé an tarbh ar chiste óir, agus ta an t-ór san i bhfholach ann fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Rócháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gríffín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40