Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 371

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 371
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine na gcómhnaidhe san áit seo fadó ná mar atá anois ann. Thainig an "Dubh" ar na prátaín nuair a bhiodar ag fás agus do lobhadar ins na poill. Ni raibh aon bhiadh acha ach gráinne mine buidhe; ach thainig longa ó Shasana agus do sciobadar leotha an min buidhe is cailleadh a lán daoine san áit seo leis an ocras. Bhi fear i "dTír" agus lá amháin chuaidh sé amach sa pháirc ag ithe an féir ghlais. Annsan chuaidh sé go dtí an cnoc agus do fuair sé bás ann. Do chuaidh a muinntear á lorg agus fuaireadar é anaice puirt. Do thugadar é go dtí roilig Chlocáin agus do chuireadar ann é. Bhí bean san Tír ag sníomh agus bhíodh na daoine ag dul isteach chun prátaí a fhagháilt uaithe. Chuir sí mála sa chúinne agus gach fear a théigheadh isteach thugadh sí deich bpráta dho, agus gach tráthnóna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Albert Breathnac
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tír, Co. Chiarraí