Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Crom Dubh agus Pátrún Chlocháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Págánach do b'eadh Crom- dubh agus chualamair gur thall i nGleann na h-Úmha a mhair sé. Núair a bhí an sáipéal beag atá thíar insan roilig á thógaint bhí sé ana mhór leis an sagart a bhí ag cur an tsáipéil súas. Thug sé tarbh mór don sagart agus mórán málaí cruitneachtain chun iad a mheilt agus arán a dhéanamh dos na fearaibh a bhí a' thógaint an tsáipéil. Annsan bhúail éad leis a' sagart é , agus d'órdaig sé don sagart é dhíol as an tarbh a thug sé do; agus a chuid arbhair. Dúbhairt an sagart leis teacht go n-díolfadh sé é agus mheas sé go bhfuigheadh sé mórán airgid ach ní raibh aon airgead ge'n sagart bocht le thabhairt do. Fúair an sagart meadh mór agus do scríobh sé an "t-Abhé Máire" i mblúire beag páipéir. Chuir sé an páipéar isteach san mhídh mhóir, agus Chrom-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí