School: Luachair (roll number 10045)

Location:
An Luachair, Co. Chiarraí
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 059
  3. XML “An Muilteoir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    san aon mairg orm arsan fear bocht. Anois arsan duine bocht táim le crochadh amáireach agus táim ag iarraidh aon achtnuighe amháin ort is tá súil agam ná h-éitheóghaidh tú mé.
    Ní déanfhad arsan gárda má's féidir liom é. bFhearr liom ná rud mhaith go bfhaighinn aon radharch amháin ar mo bhean agus mo leanbaí sara gcrocfar mé. Táim á geallamhaint duit go mbead tharmais i gceann trí fichid neomait. Táim in m'amhras go bfhuil páiste óg aice ó fhágas go deireannach í.
    Táim sasta arsan garda má bhíonn tú tarnais ar do geallamhaint. D'imthig se air agus ní stad sé gur bhain sé amach doras an tighe. Do stad sé agus cuimhnig dubhairt sé leis féin má raghadh sé isteach go gcoiméadfhadh a bhean ró fhada ag cainnt é. D'imthig sé air arís agus cé bhualadh roimhis ar an mbhóthar ná tig an muiltheóra.
    Do stad sé is cuimhnig sé air féin. Sead ar seisean táim le crochadh indiu agus té sé chómh maith agam an muiltheóir diobhail ar fad anocht. D'imthig sé air isteach agus is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Ghrífín
    Gender
    Female
    Address
    An Luachair, Co. Chiarraí