Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhíodh na púcaí ag imirt agus ag rinnce ann. Do thóg Mícheál Ó Modhráin claidhe tímcheall air agus ní raibh aon phúca le feiscint ann ó chuir sé an chéad fód ar an gclaihde. Do bhí díg mór tímcheall an leasa agus claidhe lasmuigh de san. Do leag Mícheál chuid don chlaidhe. An bhliadhain sin do cailleadh triúr mac agus inghean air agus deir na sean daoine gur mar gheall ar aon lámh a bheith aige ar an gclaidhe go cailleadh iad. Do bhí daoine ó Mhóin an Rígh ag teacht abhaile ón nGarrán oidhche agus do chonnacadar arm mór Shaighdiúri agus iad ag marcaidheacht ar chapaill. Do coinnibh na fir a shúile ortha agus is é an áit a gcuadar ná isteach ins an lios. Nuair a chonnaic na fir iad ag dul isteach an lios do thuiteadar agus ní féadfaidís dul abhaile on oidche sin. Tá lios eile i mBaile Íochtarach. Tá claidhe mór tímcheall ar sin. Lios cruinn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí