Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 069
- XML “Na hAinmhithe Allta”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siúbhalta ag an madra ruadh agus ní bhfuair sé aon rud le nithe ann. Tháinig sé thar n-ais agus luigh sé san áit céadhna sa bhád. Thug na fir leó é abhaile airís go Cuan Fionntrágha. Chómh luath agus chaitheadar amach as an mbád é d'imthig sé chun an chnoic agus d'fág sé na fir annsan agus a mbéal ar oscailt aca.Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Rinn bheag dom é. - Leigheasanna
Bhí bean ina cómhnaidhe i mBaile an Bhiocáire darbh ainm Máire Ní Chinnéide. 'Sé an ainm a thugaidís uirthe ná Máire an leighis. Dheineadh sí leigheas do aoinne a bheadh millte. As an talamh a dheinedh sí é. Ní thugadh sí fios d'aoinne mar bhíodh sí féin ins na púcaí. Deineadh sí luibh an choirighthe d'fághail leis agus leighisfeadh sí aoinne a bheadh coirighthe. Plannda(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí