Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus sé an ainm a bhí air ná Tomáisín Ruadh. Lá amháin do bhí sé ag beirbhiúghadh taraig chun é cur i dtig na mbó. Do fhliuch sé ós cionn an corcáin i ngan fhios di agus amac ar an dteine. Do las an taraig suas agus do thóg an tig teine gan moill. Nuair do connaic muinntir Baile an Mhuillinn an tig ag dóghadh do bhailígheadar go léir le chéile agus bhíodar ag caitheamh uisge ar an dtig agus níí fhéadfaidís é mhúchadh. Do dhóghadh gach aon rud a bhí istig sa tig.Treasa Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é. - Tómhaiseanna
1. Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag tabhairt eólais agus mac an giobalacán ag rith 'na ndiaidh. (Bó ag rith)
2. Soitheach gan tóin agus é lán d'feóil duine. (Méaracán)
3. An rud a caitheann an duine bocht uaidh cuireann an duine saidhbhir 'na phóca é. (Smuga)
4.Tá sé thoir, tá sé thiar, is mó a greim ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí