Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 607

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 607

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 607
  3. XML “Caoineadh Sheán De Barra”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fir láidre agus mná láidre. Ní cuimhin leis an té is sine atá ar an mbaile seo ac aon fhear amháin láidir a bheith ar an mbaile seo. Dobh é sin Labhrás Ó'Beódhláin. Ní h-ionann sin don dá bhaile atá laímh linn, Cillmhicadomhnaigh agus Gleann - Fáthan
    LABHRÁS Ó'BEÓDHLÁIN, FÁTHAN
    Bhí cáil air mar thug sé leath-mhála mine ar a dhrom leis adthuaidh ó Bhaile-an-Feirtearaig.

    MÁIRE NÍ BEÓDHLÁIN, GLEANN-FÁTHAN:-
    An coisídhe ab fearr a bhí annso tímcheall. Chrúid sí na ba maidean airíghthe. Annsan cuaidh sí go Traíglí do shiúbhal a cos le feircín ime agus bhí sí aige baile cun na mba a crú aríst tráthnóna.

    Cáit Ní Cíobhain, Coum-in-ól:-
    An bean ba treise a bhí sa ceanntar so. Thugadh sí trí cann uisce 'on dtobar leí inéinfheacht bhíodh ceann aca ar a ceann aici, agus bhíodh an dhá ceann eile na lámha aici

    SÉAMAS Ó'MÁIRTÍN, GLEANN FÁN:-
    Thug sé mála mine ar dhrom leis ón mbóthar nua suas go dtí tig Pádraig O Cearnaigh.

    ROGER Ó CINNÉIDE:- CILLMHICDOMHNAIG
    An rínnceóir ab fheárr a bhí annso
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Míceál Ó Beódlain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Labrás Ó Murchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76