Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 578

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 578

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 578
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tobair. Tá naomh Manachain air an Leforaraig [?] i bparóiste an Daingin. Tugtar an turas ann dhá uair san mblian.
    Domhnach Cásga , agus lá an Nodlag. Tugtar naoi tiompail ann, agus deirtear deichneabhar den gcóróinn gach uair a geibhtear tiompall. Mar leigheas air tinneas fiacail a tugtar an turas san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Toibreacha ar Leanamhaint
    Seo mar leanas dhá thobar beannuighthe eile atá ins an paróiste. Tobar Rígh an Domhnaig i gCillmhicadomhnaig agus tobar Ciarráin thall inaice lé tráigh Ciarráinn ar an gCuan. Seo sgeul i dtaobh Tobar Rígh an Domhnaig. Bhí fear i gCillmhicadomhnaig fadó darb ainm do Seán de Mórdha. Oidhche amháin dár dearmhadar an tuisce, chuir Seán a chlann (go) cuin an tobair ag triall ar chanadh uisce. Canaidhí adhmaid a bhí san am san ann.
    Thugadar leo an tuisce agus cuireadh cuid do i gcorcán ar an dteine, cuin go níghidís a gcosa sar a raghaidís a chodladh. Nuair a bhí sé in am ag an uisce bheith te d'fheuchadar air, acht bhí sé cómh fuar agus nuair a cuireadh ar an dteine é. Ansann cuireadh lasán fé cuin go dtéigheochadh sé ach b'e an sgéul ceudna é. Solus geitire, a bhí san am san ann, agus nuair a d'fheuchadar air an tuisce an tarna uair leis an solus is amhlaidh a bhí breac thíos ann. Ansann d'órduigh fear a' tighe an t-uisce a chuir sa chanadh arís agus é do chuir thar nais ins an tobar. Cuireadh an t-uisce
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Miceál O Uallacháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Siobhán
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann