Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 590

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 590

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 590
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is annamh a thagann lucht siubhail go dtí mo thig. I rith an t-Samraidh seadh thagann an cuid is mó aca. Ní h-iad an dream ceadhna a thagann i gcomnuidhe. Bíonn pictiurí beannuighthe agus galúnach agus lása agus a lán mion rudaí eile á ndíol aca. Ceannuígheann siad na h-earraí ins na siopaithe agus diolann siad iad lé muinntir na tuaithe chun preifid a bheith aca asta. Is gnáthach ná bíonn puínn fáilte rómpa i gcid des na tighthe. Bíonn malaí móra, troma aige cuid aca ar a ndrom agus cuid eile aca go bfuil asail aca chun a gcuid malaí a iomchur dóibh. Lé linn doraichis na h-oidhche iseadh thosnuígeann siad air lóistín i gcóir na h-oidhce a lorg. Is minic go mbíodh seachtar no h-ochtar aca in aon tig amháin prátaí agus iasc a gheibhidís i gcóir suipeár. Is minic go dtagfadh muinntir na h-áite isteach chúcha ag eisteacht leó, ag innsint doíbh cionnus a chaithfheadar tosach a saoghail. Bíonn foth dhuine leis aca go mbíonn scealta aca. Leabaidh tuighe a bhíodh aca. San am san ní bhíodh ach tighthe beaga aca agus aon seómra amain agus ba dheacair dóibh slíghe a d'fághail do lucht siubhail. Fear an mhála mhóir a bead duine aca. Bhíodh dá hata á chaitheamh aige agus bhíod paca mór ar a dhrom aige. Bhíod cloca agus na h-aon aindéise eile thíos sa mhála aige. Oidhche amháin bhí sé i dtig ar an mbaile seo agus chualaidh na chómarsain é. Bhailigeadar go léir isteach cuighe. Bhí go maith is ní raibh go h-olc bhí an dá garsún ag gabhail an doras isteach "Ó arsa duine aca tá dá hata air." Cad dhéin sé ac breith ar fód móna ó'n dteine agus é chaiteamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge