Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 151
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhainidís báirnig agus thugaidís leó stán sáile mar is mar sin is deise a bhíonn na báirnig. Do chuiridís ag beiriú iad agus d'ithidís iad le bainn[e] reamhar géur ag b'shin é an biad mai[th] láidir. Do bhainidís slaidí agus thugaidís leó sáile. Do chuiridís síos i gcorcán mór é. Do bhrúghaidís é le dhá shlis mhór agus bhídís dá bhrúgh[adh] thíos ins an gcorcán go dtí go mbíodh sé brúighte go maith aca. Nuair a bhíod sé beirighthe te d'íosfá do mhéaras[ta] na dhiaidh do bheadh sé cómh breágh san. D'ólaidís an sáile té agus an t-ará[n] buidhe.
Do bhíodh arán coirce aca leis. Do bhí bró chun meilt ag Tomás Phaidí Mhóir (Púncán). Do fuair sé thuaidh i mBaile na nGall é agus thug sé leis adthuaidh. Do bhí ruth mór uirthe agus lámh mhór. Do bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Tom Ó Cearna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58