Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 153
- XML “Longa Eile a Bádh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall maith de bhlianta do ghaibh long aniar ó America. Do thuit an ceó ortha. Do bhí sí ag imtheacht léith[i] nú gur tháinigh sí go dtí Ceann Srath[a.] Do bhí sí lán de thanceanna íle is do chipíní adhmaid. D'imthigh an íle go léir ar an bhfarraige. Níor fhan aon éan ar an bhfarraige ná gur mhairbh an íle. Do bhí beirt fhear an lá so ar an dtráig. Do chonnacadar raic ag deanamh isteach ortha. Súd amach duine acu chuin go mbeadh an raic aige féin. Do bhí an fharraige ag dul suas go dtí na chromáin air. Bheir sé ar an raic .i. cómhla bhreágh bhuidhe a bhí ann go raibh glas uirthi. Bhí go leór íle ar an bhfarraige ach d'aistrig an ghaoth is níor tháinigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ghuithín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 62