Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmhidhthe atá ar an oilean so fé láthair ná ba, gamhna, asail agus caoire. Bhiodh capaill, muca agus gabhair acu fadó.
Glaodhach ar an mbó--- í bagairt abhaile "habha abhaile habha abhaile". "Gheo muis" chuin í a stop ó bhearna nú ó ghort. "Nasg isteach" nó "ceartuig isteach" nuair a bhíodthar ag cur ortha druideam isteach leis an gceannrach.
Siad so na ceangail a bhionn ar bhó.
Adhastar:
Córda é seo a bhíonn ar a dhá adhairc a cheangluigheann don staic í.
Buarach:
Is ar bhó mhalluighthe a bhíonn sé seo nuair a bhíonn sí dhá chrúdh. Córda iseadh é a bhíonn ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann