Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leór luibheanna le fághailt sa talamh. Fághtar meachna lúin leighiseann sé gearradh a bheadh ar do bhéal. Cupógaí agus neantóga tugann na daoine go na muca agus go lachain óga íad. Dhóghadh an neantóg thú ghá leagtha do mhéar uirthí agus leisfeadh an chupóg thú. Leisfeadh garleóigh dóigh bhoiligh. Tá cupóig chruach Phádhraic go maith le h-aghaidh gearracha. Leagtar air í mar fhásann sí. Tá luibheana ann a dhéanfadh dochar freisin. Meachain dubh mharbhóchadh sé caora dhá mblaisfeadh síad dhi. Dhá mbuailfeá do breit ort nó crann caorann ní mhéadfá níos mó ná bhféadfá. Tá rudaí eile ann agus b'feárr leis na daoine gan iad a bheith ann chor ar bith. Neantóg chaoc, lasair léin agus gluineach. Fásann na rudaí sin sna fataí. Tá spotaí beaga dearg ar an nglúineach. Fuair sé na spotaí sin ó fhuil Mhac Dé. Dhá leagtha é sin ar do bhéal dhóghadh sé thú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Siubhán Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann