Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Coiglighim-se an teine seo mar is gnáthach. Muire ag a bun agus Brighid ag a bárr. An dá Asbal déag a bhí ag cumhdach na nGrást, go gcumhduigh sibh muinntir an tighe seo go lá.
    Luighim síos ar mo thaobh deas
    Go luighe Mac Dé le m-ais
    Ceithre phostaí faoi mo leaba, ceithre aingeal sgartha ortha. Má fhághaim se bás as seo go maidin Flaithis Dé go raibh ag m'anam. Nuair a bhíos muid ag dul a chodladh deireann muid=
    A Íosa, a Mhuire 'sa Ioseph
    Beirim suas dóibh mo chroidhe 's m'anam a Íosa, a Mhuire 'sa Ioseph
    Cabhraighe liom ar uair mo bháis
    A Íosa, a Mhuire 's a Ioseph
    Go bhfága mé an saoghal ina bfoinsigh
    A Mhuire, a Mhuire 's a righ na nGrást
    An daréag aingeal sé mo chroidhe atá cráidhte
    Na dubhraidhe dubha ag teacht ó'n mbás
    An ghrian ag dul siar 's an féar gan sábhailt
    Éirghe a Mhic 's ná tabhair an breitheamhnas ar an anam bocht seo, tabhair an párdún. Tá sé ag caitheadh mo leibhré trí ráithe ' s go gleann na bpian na leig go bráth é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Threasaidhe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siubhán Ní Threasuidhe
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann