Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Druim
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”
  4. XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Sin Seáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Líontar suas an poll le féar tirm. Cuirtear splannc isteach ann agus séidhtear an splannc le na mbéal. Bíonn deatach as an splannc. Líontar suas an teach le deatach.
    5. Cuireann siad fáinne i gcáca agus cé ar bith cé gheobhthas é is túisce a phósfas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tagann lá Fhéil Sin Seáin ar an 24adh de mhí Meitheamh. Bíonn na barranta fásta agus bíonn fataí nua ar fághail.
    Tá nós ag na daoine ag cur teine cnámh suas in-onóir do Naomh Seán. Téigheann cupla duine thart an tráthnóna sin agus bailigheann siad pingneacha le h-aghaidh ola mhór. Bíonn cupla duine eile ag déanamh liathróidí le málaí. Nuair a thagas an oidhche faduigheann síad teine ar chnocán agus cuireannsiad cupla cnámh isteach ann. Líonann síad soitheach le ola mhór agus tiomaun síad na liathróidí síos ann. Annsin lasann siad iad agus caitheann siad san aer iad. Bíonn siad ag cur liathróidí san aer mar sin ar feadh na h-oidhche. Nuair a bhíonns siad ag imtheacht tugann chuile dhuine splannc leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge