Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 534

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 534

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 534
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    224: Seasamh fada ar chosaí laga.
    225: Is olc é deireadh na honóra.
    226: Is fearr breathnú romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh.
    227: Ní leithne an t-aer ná an timpiste (?)
    228: Dhá chionn do'n obair í a tosaighe .
    229: Onóir gan deis nó caora gan geir
    230: Ní ór 'chuile rud a bhíonns ag sgalladh.
    231: Ní fhanann an taoille nó an t-ám le duine ar bith.
    232: Dhá thrian de'n obair í a tosaighe.
    233: Ná leig do rún le buachaill ciún nó is fada bhéas do cháil.
    234: Nuair is fearr an greann is eadh is fearr leigean dó.
    235: Is fearr dreóilín sa dorn ná corr ar cháirde.
    236: Trí bhuaidh an olacháin , maidin bhrónach, cóta salach agus pócaí follamh.
    237: Níor bhris focal maith fiacal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Turlach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Seoladh
    An Turlach, Co. na Gaillimhe