Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 357
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)í agus chaith sé salann uirthi. Nuair a tháinic na cailleacha ó'n Aifreann d'ith siad agus d'ól siad a ndóthain. Bhí tart ar duine do na cailleacha agus chuaidh sí ag dul ag ól díghe. Bhí Domhnall ar cúl na mbaraillí agus nuair a fuair Domhnall ag ól an díghe í chaith sé síos sa mbaraille í. Nuair a bhí a dóthain ólta ag an dara cailleach chuaidh sí sa seomra go n-ólfadh sí uisge as a baraille fhéin. Nuair a fuair Domhnall a cloigeann thíos sa mbaraille aice bhuail sé bos ar a chúl agus caitheann sé síos sa mbaraille í agus bháithtear ann í.
Nuair a bhí a dóthain ólta ag an tríomhadh cailleach chuaidh sí go dtí na baraille féin agus d'ól sí deoch ach nuair a fuair Domhnall a cloigeann sa mbaraille aice buail sé bos ar a cúl agus caitheann sé síos sa mbaraille í. Bhí an triúr cailleach báidhte annsin agus chuartuigh Domhnall an teach ag cruinniughadh an méid airgid a bhí ann le na chéile. Bhí na cailleacha sin an tsaidhbhir. Nuair a bhí an t-airgead uilig ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe