School: Ros Muc

Location:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Stiofán Ó hOisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 378

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 378

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Muc
  2. XML Page 378
  3. XML “Áth Luachra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé amuigh ina chodladh aon oidhche amháin. Nuair a bhí sé sgathamh ina chodladh chuaidh áth luachra ins bhéal agus siar ina bholg. Nuair a dhúisigh sé bhí fhios aige go raibh rud éigin ina bholg ach ní raibh fhios aige gur'bh í an áth luachra a bhí ann.
    Bhíodh sé tinn go han mhinic agus bhí sé an tanaidhe. Ní raibh fhios aige ceard a bhí air ach bhí fios aige go raibh rud éigin ina bholg.
    Chuaidh sé san ospidéal agus chaith sé na bliadhanta ann. Ní raibh fhios ag na dochtúirí ná ag duine ar bith ceard a bhí air. Ach nuair a bhí sé sgathamh mór san ospidéal fuair na dochtúirí amach go raibh áth luachra ina bholg Bhíodh sé ag iarraidh i gcómhnuidhe ach ní thiubhradh na dochtúirí aon deoch dhó mar bhí fhios aca gur'bh ó'n ath luachra a bhí an deoach ag teastáil.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Thnúthail
    Gender
    Female
    Address
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Micheál Ó Thnúthail
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe