Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 096
- XML “Bean a Raibh Mac Aici”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhiafruigh sí dhó cé mbfhearr leis an cáca móre is a mallacht nó an cáca beag is a beannacht. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an cáca mór is a mallacht.
Thug a mháthair an cáca mór is a mallacht dhó. D'imthigh sé leis no gur tháinic sé go dtí an tobar. Is gearr a bhí sé annsin nó gur tháinic an cú go dtí é. D'iarr sí píosa air. Dubhairt sé nach dtiubhradh, go raibh-sé sáthach gann aige féin. D'imthigh an chú leí annsin. Nuair a bhí sé bliadhain imthighthe dubhairt an darna mac go ngabhfadh sé ar a thuairisg.
Dubhairt a mháthair leis a dhul amach agus canna uisge a thabhairt isteach. Chuaidh sé amach ag iarraidh an uisge. Chuir sé an canna sa tobar agus thóig sé acht braon beag. Thug sé isteach 'ig a mháthair é. D'fhiafruigh sí dhó cé mb'fhearr leis an cáca beag is a beannacht no an cáca mór is a mallacht. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an cáca mór is a mallacht. Thug sí an cáca mór is a mallacht dhó. D'imthigh sé leis no gur tháinic sé go dtí an tobairín. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Cuáláin Phádraic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe