Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Fear a Bhí ag Dul ag Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó. Bhí sé ag dul a' pósadh. Ní raibh a fhios aige cé acu do chúigear mná a phósadh sé. Chuaidh sé go dtí fear a bhí sa mbaile. Bhí baramhail aige go raibh fhios ag na sean-daoine is ba mhaith leo iad a chomhairliú.
    Dubhairt an sean-fhear leis nuair a bheadh socraid ar an mbaile a dhul ann agus a dhul go dtí an roilig, a mhaide a fhágháil ann agus féachaint cé acu do'n chúigear mná a ghabhfadh 'na choinne. Bhí go maith go ceann cúpla lá. Cailleadh duine agus chuaidh sé go dtí an socraid.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Beairle Cuimín
    Ainmneacha eile
    Beairle Cuimín
    Beairtle Ó Flaithbheartaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe