Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “An Cat agus an Luch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cat ag dul thart lá agus bhí an lá go h-an te. Tháinig tart ar an gcat agus nuair a bhí sé ag dul thar theach chonnaic sé bairrle lé taobh an tíghe. Cuaidh sé go dtí é agus bhí sé lán lé uisge. Chuaidh an cat lé cuid den uisge d'ól. Nuair a bhí sé ag ól an uisge thuit sé síos san mbairrle. Bhí luch ag dul thart agus dúbhairt an cat leis é thógáil amach as an uisge agus dubhairt an luch nach leigfeadh mar nuair leigfheach(dh)mé amach thú marbhócad tú mise. Dubhairt an cat nach ndéanfac sé tada orra acht é do leigheann amach.
    Cé an chaoí ar féidir liom tú a leigheann amach arsa an lúch. Dubhairt an cat annsin leis an lúch an bairlle do ghéarradh na thaobh agus an t-uisge do leigheann amac, do rinne agus tháinig an tuisge amach as an mbairle. Táinig an cat amach freisin. Tamall géarr ná dhiaidh sin chasadh an chat orra agus rith sé na dhiaidh. Do sheas an luch agus dubhairt sí leis an gcat gur dhubhairt sé thanna nach ndéanach sé tada orra go deo arís.
    Dúbhairt an cat leis an luch nach raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigid Ní Chonghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Conghaoile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24