Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus aon oidhche amháin bhí bríonglóid aige go raibh mála óir i bfolach ar bhóthar luimnígh. Chuaidh sé ann agus bhí sé seachtmhain ag imtheacht ag cuartú an óir ar an mbóthar nó gur casadh fear air. Feicim thú lé seachtmhain ag imtheacht thart annsin arsa an fear leis agus céard tá tú ar a lorg. Tháinig briongloid agam ar seisean go raibh ór i bfolach ar an mbóthar séo agus tháinig mé ann dhá chuartúghadh. Muise nach tusa an t-amadán arsa an fear leis, tháinig brionglóid agamsa uair go raibh pota óir i bfolach i dtum aitinn i Rosmuch agus níor thug mé aon áird air. D’imthigh an fear a bhí ar thóir an óir agus tháinig sé go Rosmuch san áit a raibh an fear eile ag caint air agus fuair sé an t-ór agus thug sé abhaile leis é. Bhíodh an pota ag bruth fataí agus gac rud, agus aon lá amháin tháinig fear siubhail isteach agus chonnaic sé an pota ar an urlár agus rud éigin sgríobhfadh air. Chuaidh sé go dtí é agus séard a bhí sgríobhfa ar an bpota nach feárr an taobh sin d’en tum ná an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Cadhain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe