Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 148
- XML “Éireoidh mé Amárach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(4)
Chaith mé seacht seactmaine
Ar bhainfheis faoi na báinte
Mé in mo luigh ar mo leaba
Is ní in mo chodhladh acht in mo dhuiseacht
Mé ag súil i ngach uile noiméad,
Go dtiubrá an sagart faoi rún dhom
Nach n-iarrfá mo mhalairt ó bhain tú mo rún dhíom(5)
Nach aoibheann do na cabáin a dteigheann
mo grádhsa ag ól ann.
Na haoibheann do na hardáin,
ar a siubhaileann a bhróg ann.
Is nac minéar don óig bhean
a geobhas é le pósadh.
Réalt ólais na maidhne nó drúcht an tráthnóna.(6)
Chuaidh mo muinntir go Baile an Róba
ag baint mo chrochair go barra géigáin
Chuaidh an chuid eile go híochtar Eochaill
ag cuir mo chróchair le chéile
Is tá súil le Muire agam is le righ na Glóire,
go mbeidh siad ar fad bréagach
Is go mbéidh mise is mo mhíle stoirín
seal ag gabhail le na chéile.- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65