Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 051
- XML “An Chailleach Chearc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach ann tá tamall bliadhanta ó shoin agus bhí triúr ingean aici, Splinc, Maolcarach, agus Sgreamhach na h-ainmneacha a bhí orra.
Bhí teach na baintrighe ar bhruach aibhne agus bhí teach eile ar an taobh eile de'n abhainn.
Oidhche amháin, chuaidh an chailleach a chodhladh agus níor chuimnigh sí féin ná na h-ingheanacha an teine do coigilt agus ar maidin ní raibh splannc san teinteán.
Ba í Splinc an inghean ba shine agus d'éirigh sí agus chuaidh sí go dtí an teach a bhí ar an taobh eile de'n abainn agus d'iarr sí splannc.
Bhí páiste óg san gcliabhán agus é in-a chodhladh.
Dúbhairt bean an tighe léi fanacht go dtagadh sí isteach.
"Má lasann an teach, ná múch é," arsa bean an tighe, "agus má sgreadann an páiste ná bréag é agus má dhóighean an cáca na ionnta é.
Thosuigh an teach ag lasadh agus mhúch sí é. Tosuigh an cáca ag dóigheadh agus dionnta sí é agus thosuigh an páisde ag caoineadh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe