Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann é féin agus a mháthair lá amháin chuir a mháthair ag an siopa é, ag iarraidh chloc-phlúir agus thug sí bosga dhó. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile d'fhuadaigh an ghaoth an plúr as an mbosga thosuigh sé ag chaoineadh. Casadh firín beag dó agus thug sé éadach buird dhó, "agus dubhairt leis, nuair a gabhfhadh sé abhaile, an t-éadach buird a leagan ar an mbord agus go mbeadh 'chuile shórt dá fheabhas aige.
Ar a bhealach abhaile chuaidh sé isteach i dteach a aintín agus d'innis sé dá aintín fao'n sgéal, dubhairt sise leis an t-éadach a leagan ar an mbord agus leag amach le triúr ban óga agus leag chuile short dá fheabhas anuas air an mbord, annsin d'ith sé fhéin agus a aintín a ndóthain.
Nuair a bhíodar réid dubhairt an tsean-bhean leis an ngasúr a dhuil amach agus na caoirigh a chuir as na fataí.
Chuaidh an gasúr amach agus nuair a fuair sise imthighthe amach é chuir sí an t-éadach draoidheacht i bhfolach air agus nuair a tháinig sé isteach thug sí éadach eile dhó.
Nuair a chuaidh sé abhaile dubhairt sé le na mháthair go raibh a shaidhbhreas aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe