Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 331
- XML “Filí na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ba mho dá n-aimsir ag déanamh filíocht. Bhí file mór imbaile Ruisín na Manac . Sé an t-ainm a bhí air na Mícheál Ó Liodáin. Rinne sé amhráin go madrí an bhaile agus gan bhaile ní bhíod aon sgoil ag na daoine an t-ám sin agus níor sgríobhadh na h-amhráin agus mar geall ar sin níl na h-amrán sin ag na daoine anois. Rinne sé amrán go na madraí nuair a bhídís ag caoineadh san oidhche agus iad ag freagairt a chéile.
Bhí file ag Calladhmhuighinse agus rinne sé go leor amhráin
Rinne sé píosa beag de amhrán Túirne Mháire
Sé túirne Mháire an túirne sásta.
Siubhail sé páirt mhaith go Éire
Níl cnoc ná gleann dá ndeaca sé ann Nar fhág sé cuid dá tréitre.
Chaith sé lá ar bruac cinnsáil ar lúb an gleanntán sléibe
Is na sidheóga mná a bhí ar thaobh meadha.
Do shniom leis adhbar bréidín.
Rinne sé go leor amhrán eile freisin
Sé an t-ainm a bhí ar an bfile.
Eogan Ó- Gionnáin