Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dá long ag teact anoir ó Ghaillimh uair agus iad ag dul go Ameiric. Long nua a bí i gceann aca agus sean long a bí lán de coirce a bhí sa gceann eile. Bhí buacaill óg sa long nua agus dubhairt sé leis an gcaiptín nar maith leis féin a dul siar anoct. "Cé'n fáth" arsa an caiptín "nac bfuil an oidhche go breágh agus an long nua agus gac rud atá inntí go nua. Agus an Sean long ag dul siar anoct. "B'fearr liom a bheith san sean long na inntí seo" arsa an stocac. "Leag soir ar gaillimh mar sin í" arsa an gcaiptin leis an bfear a bhí da stuireadh. Rinne sé mar a dubhradh leis agus cuaideadar go gaillimh aris. Chuaidh an sean long siar. Agus nuair a chonnaic an caiptin í Is fada siar an sean long anois ar seisean. "Ní gotha sí mórán acar eile arsa an stocac ." Ba ghearr in a diaid sin gur cas an sean long agus nior raibh sí móran acair aniar gur báthadh í agus báthadh gach duine da raibh innte. Agus nior tógadh act aon fhear amháin dhíobh agus tá sé sin cuarta ar oileán ar a dtugtar carraig na meacaín uirrí. Agus D'imtigh an coirce san bfairraige. Go ceann fada in a diaid sin aon breac a marbuigh aon duine ann biod sé lán de coirce taobh istigh ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Donncada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe