Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 038
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cailleach ar a teach is í ag caitheamh tobac.
Freagra. Simléar.
Chuaidh sé amach idir dhá ádhmad is tháinig sé isteach idir dhá uisce.
Freagra. Fear a bheadh ag tabhairt isteach dhá buicéad uisce
Deathach san ngleánn is gan dé ann.
Freagra. Ceó.
Dorca dubh ar an drisúir.
Freagra. Buidéal dubh.
Cén chuid den bhó a théigheann amach an bheárna ar dtús.
Freagra. A h-anáil
Ceathrar ag crios ceathrar ag rith beirt ar an ghairbhion is duine ar an mbéig is Mac Ní Riobardáin ag rith ar an méid sin.
Freagra. Bó bheadh ag rith lé cleabhair.
Chuaidh mé baint ubhlaí ar crann. Níor fhág mé aon ubhlaí ann is níor thug mé ubhlaí as.
Freagra. Ná raibh ann ach dhá ubhall
Seacht gcasall seacht n-uaire seacht n-ualach ar gach capall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Maoilciaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe