Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 064
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirth fhear ann fadó agus oidhche amháin bhúodar ag cuartuigheact i dteach an chomharsan Séan agus Tomás an t-ainm a bhí orta. Bhíodar ag cainnt is ag seanacus ag sáradh ar a chéile. Sa deire do chuir Séan gealt le Tomás nac ghoidhfead sé an bráitlín a béad faoi fhéin an oidhche sin nuair a ghabfadh sé a codhladh. Dubhairt Tomas go ngoidfheac agus dá mbéad gac rud chomh h-éaschaidh leis sin a dhéanadh go mbéad gac rud éasga. Dubhairt Sean annsin nac ngoigfeac agus thosuigheadhar féin ag sáradh ar a chéile. Agus dubhairth Séan leis gá dtiocfhadh sé in aici leis a theach nach bfaghfad sé é beo agus bhíodar féin ag sáradh ar a cheile. Dubhairt séan le Tomhás go dtiubradh sé céad punt dhó gá ndeanfeadh sé an rudh a dubhairt sé leis. Déanfhaidh sin dubairth Tomás caithfidh tú an ceadh a tabhairth dom má dhéanaim. Tiubrad cinnte a deir Séan. Bhí go maith is ní raibh go h-olc d'imhtigh an t-am seo agus tháinig am codladta. Dimthigh Seán agus Tomhás abaile. Cuaidh Séan a codladh agus shocruigh sé gach rud agis thug sé leis an guna go dtí an áit a raibh sé in a codladh agus d'fág sé an lampa ar lásad ar bord beag a bhí in aici leis an leabaidh agus bí sé ag faireadh ar Tomás ar faithchios go dtiocfadh sé i nganfíos dhó. Nuair a chuaidh Tomás abaile tosuigh sé ag cuimnigheadh cén bealach a thiubeadh sé an bráitlín ó Séain ba mhaith leis an céadh púnt d'fághailt sa deire do chuimhnigh sé ar chleas. Chuaidh sé go dtí an roiligh agus sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Feicín Ó Chualáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe