Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 037
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is nar bhféidir leis fhághail.
Freagra. Maighistir
Súid é chugam tríd an ród fear gan colainn fear gan ceann
Freagra. An bás.
Tá sé thoir is tá sé thiar is tá sé i ngáirdíní Blá Cliath is mó greim fhéin ná greim an chapaill is bhainfeadh sé plaic chomh mór le asal is ní bhlaidfeadh sé do aon bhadh.
Freagra. Speal.
Droichead ar an loch ban maide gan cloch.
Freagra. Leach-oidhre.
Dhá chois ar talamh trí cosa in aoirde ceann an duine bheó i mbéal an duine marbh.
Freagra. Pota ar ceann duine.
Cuaidh mé amach san hgaraidhe is thug mé isteach an rud nar theastuigh uaim.
Freagra. Dealg
Mo daide bocht, bocht is a mhaide fhaoin ucht is é ag sileadh na ndeór gach aon lá fluich.
Freagra. Bún t-sop an tighe.
Cén chuid den bhó is fuide.
Freagra. A Géim.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Maoilciaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe